Tá cabhair ar fáil – ó shainfhoirne cairdiúla líonra na nIonad d'Idirlíon Níos Sábháilte ar fud na hEorpa.
Níl aon fhadhb ró-mhór ná ró-bheag.
Gnéaschiapadh, cibearbhulaíocht, ábhar foréigneach – cibé rud is mian leat a phlé, ní thabharfaidh siad breithiúnas ort ná ní bheidh ionadh orthu. Cuirfidh siad tacaíocht, cabhair phraiticiúil agus treoir ar fáil maidir le teagmhais a thuairisciú.
Cabhair agus comhairleDéan teagmháil le d'Ionad náisiúnta d'Idirlíon Níos Sábháilte I measc na saincheisteanna a láimhseáiltear tá:
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí saor in aisce sin ar an bhfón, trí ríomhphost nó trí chomhrá (d'fhéadfadh modhanna éagsúla a bheith i gceist i dtíortha éagsúla). Cuireann na hIonaid d'Idirlíon Níos Sábháilte treoir ar fáil freisin maidir le fadhbanna a thuairisciú do na húdaráis agus maidir le rialuithe tuismitheoirí a chur chun feidhme. |
Ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a thuairisciúIs féidir leat ábhar neamhdhleathach ar líne a thuairisciú go hanaithnid (gan d’ainm a thabhairt). Cuirfear do thuairisc ar aghaidh chuig duine atá in ann beart a dhéanamh – soláthraí idirlín, gníomhaireacht forfheidhmithe dlí nó comhlacht ábhartha eile. |
Cúnamh práinneachDéan teagmháil leis na póilíní nó le seirbhísí éigeandála eile (glaoigh ar 112 san Eoraip) má tá tú féin nó duine éigin eile i mbaol láithreach.
|